
Thosaigh mé snáth faoi seo ar politics.ie tamaill ó shin.
Sheol fear an nasc seo chugam inné. Is ábhár suimiúil é.
'Sé seo an freagra ón County Manager nó bainisteoir éigin don rún a chur Comh. David Healy síos anuraidh:
"Both the Dept of the Environment and the Dept of Arts Sports and Tourism have expressed aims towards the modification and revision of signage policy. Neither has published any guidelines on how this might be achieved. Failte Ireland in its recently published Tourism Product Development Strategy 2007 2013 has identified signage as a primary issue in need of reform and imply some rationalisation in respect of how this might be achieved.
It is acknowledged that urgent reform is necessary in this area and the integration of the Irish language more effectively than has been the case to date should be an aim of such reform measures.
Whether it is wise in the current scenario to embark on a unilateral course of action in relation to signage is doubtful. It is advised that the Council withhold action on the measures proposed at least until a clearer understanding of timescale on behalf of national agencies or government action is understood."
Táim tar éis ríomhphost a sheoladh chuig David Healy (is gaeilgeóir é) ag cur an cheist air an mbeidh sé in ann litir nó ríomhphost a sheoladh chuig a comhalta John Gormley faoi os rud é go bhfuil an cumhacht aige. Sheol mé an nasc chuig Naoise chomh maith.
Is féidir éisteacht le comhrá a bhí agam faoin ábhár seo ar an Máirt 7ú Deireadh Fómhair ar an gclár Gaeilge ar Near90fm "Ar Muin na Muice" anseo.
Tabhair suas chun dáta: dúirt David dom go bhfuil sé ag obair air agus go mbeidh sé i dteagmháil liom arís faoi.
Tabhair suas chun dáta níos mó: deireann David go bhfuil an cumhacht anois ag Noel Dempsey. Táim tár éis ríomhphost a sheoladh chuig David arís agus chuig Naoise Ó Muirí chomh maith ag cur an ceist orthu an mbeidh siad sásta litir a sheoladh chuig Noel Dempsey faoi. Chuir mé an ceist ar Naoise chomh maith an mbeadh sé sásta litir nó ríomhphost a sheoladh chuig a urlabhraí Iompair i bhFine Gael faoi chomh maith ionas go mbeidh sé nó sí in ann ceist a chur ar Noel Dempsey sa Dáil faoi go poiblí.
Muna bhfuil torthaí agam ó na beirt comhairleoirí thuas déanfaidh mé iarracht leis Páirtí an Lucht Oibre. Tar éis é sin beidh mé ag fágáil é. Níl aon daoine fágtha seachas na Shinners agus nílim chun a bheith i dteagmháil leo.
Gan amhras tá an ábhar seo níos tábhachtach ná stádas na Gaeilge san AE. Ní féidir liom mórán eile a dhéanamh. Táim ag fágáil é to the powers that be.
Tabhair suas chun dáta níos mó: beidh Dinny McGinley TD ag ardú an ceist leis an Aire. Maith an fear a Dinny!!!
An nuacht is deanaí: labhair mé le Dinny ar an bhfón. No change. D'inis mé é sin do Enda Kenny ar ríomphost agus dúirt sé go mbeidh sé ag labhairt le Dinny faoi. Dúirt mé gurbh é an bealach is fearr ná chun ceist a chur ar Brian Cowen sa Dáil faoi. Níor tháinig sé ar ais chugam arís. Muna dhéanann an Rialtas rud éigin faoin gceist seo sa bPlean 2028 a mbeidh ag teacht amach roimh deireadh na bliana beidh mé ag fágáil reidh le mo spiorad i leith cur chun cinn na Gaeilge.
0 freagraí:
Post a Comment